Bhain Bonneagar Iompair Éireann garsprioc thábhachtach eile amach i bhforbairt Luas Fhionnghlaise. An 4 Lúnasa 2026, d’eisigh sé fógraí Alt 78 do na húinéirí talún feadh an bhealaigh bheartaithe a gceannófar a gcuid réadmhaoine go páirteach nó go hiomlán chun tógáil an tsínidh nua Luas a éascú.
Deonaíodh Ordú Iarnróid do Luas Fhionnghlaise i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus tarraingíodh trí dhúshlán athbhreithnithe bhreithiúnaigh maidir leis an tionscadal siar i mí Aibreáin na bliana seo tar éis idirbheartaíochtaí idir Bonneagar Iompair Éireann agus na húinéirí réadmhaoine.
Is céim ríthábhachtach eile chun tosaigh iad fógraí Alt 78 sa phróiseas chun réadmhaoin a fháil ionas go bhféadfar an tógáil a thosú laistigh den amlíne luathaithe a d’fhógair an tAire Darragh O’Brien le déanaí.
Bhí sé beartaithe ar dtús go gcuirfí tús le tógáil Luas Fhionnghlaise i lár na 2030idí, ach tugadh an obair thógála ar aghaidh go 2028. Tá Bonneagar Iompair Éireann tiomanta don sprioc nua sin.
Tionscadal bonneagair claochlaitheach is ea síneadh Luas Fhionnghlaise, lena síneofar Líne Ghlas an Luas 4 chiliméadar ó thuaidh, ó Dhroichead Broome go Baile Shéarlais, agus lena gcuirfear ceithre stad nua léi: Baile Shéarlais, Bóthar San Maighréad, Sráidbhaile Fhionnghlaise agus San Eiléana.
Is cuid é síneadh Luas Fhionnghlaise den Phlean Forbartha Náisiúnta agus léirítear leis gealltanas an rialtais chun iompar uirbeach inbhuanaithe a fhorbairt.
Fógra Alt 78 sa phróiseas CPO
Fógra foirmiúil is ea fógra Alt 78 sa phróiseas ordaithe ceannaigh éigeantaigh (CPO) chun úinéirí réadmhaoine a chur ar an eolas gur deimhníodh ordú ceannaigh éigeantaigh. Is cuid den phróiseas dlíthiúil é an fógra chun ordú ceannaigh éigeantaigh a dheimhniú agus tá sé riachtanach ionas go mbeidh na páirtithe a ndéantar difear dóibh feasach faoina gcearta agus faoi na chéad chéimeanna eile sa phróiseas. Seirbheáiltear é ar gach duine ag a bhfuil leas sa talamh.
Déan teagmháil linn
Más rud é go bhfuair tú fógra Alt 78 agus gur mhaith leat labhairt le duine den fhoireann, seol ríomhphost chuig info@luasfinglas.ie.